Éanna ÓCróinín
Uilleann Pipes
Tógadh Éanna Ó Cróinín i gceartlár na Gaeltachta, i Ráth Chairn, co. na Mí. D’fhás sé aníos le cultúr gaelach, sheimhir na háite siúd, i measc amhránaithe agus damhsóirí seannóis, scéalaithe agus ceoltóirí na Gaeltachta. Thosnaigh sé ag foghlaim an cheol ar an fheadóg stáin ag aois an-óg, agus thóg sé dúshlán an phíb uillinn ar fhéin ag aois deich mbliana. D’fhoghlaim sé ceird an phíb i gclub na bpíobairí uillinn, NPU, i mBaile Átha Cliath, faoi choimirce Nollaig Mac Cárthaigh, Mic O’Brien, Seán óg Potts, Robbie Hannon agus go leor eile.
Is iomaí ceolchoirm agus camchuairt atá curtha dó aige ó shin, ar fud na hÉireann, sa Bhreatain agus san Eorap. D’eisigh sé a chéad albam aonair sa bhliain 2012 dár teideal Ceol Ársa na bPíob.
Tá comórtais go leor buaite aige mar phíobaire, idir fleadh cheoil na hÉireann, Oireachtas na Gaeilge agus bonn óir Sheáin Uí Riada.